Cé go bhfáiltíonn Coiste Tacaíochta Chalafort Ros a Mhíl roimh an seacht milliún déag euro atá ceadaithe ag Aire na Mara don chalafort I mbliana deir Runaí an choiste, Cathal Gronell go gcaithfear níos mó brú a chur ar Roinn na Mara le go mbeidh an calafort feiliúnach le freastal ar thionscail an fhuinnimh inathnuaite.