Reachtáilfear Tionól Chonamara na bliana seo do ghrúpa Ginealaigh agus DNA cheantar Rosmuc in Ionad Cultúrtha an Phiarsaigh an deireadh seachtaine seo.
Tá an Bord Pleanála tar éis a dhul siar ar an gcead pleanála a bhí tugtha acu le dhul ar aghaidh le cuarbhóthar na Gaillimhe agus tá siad tar éis géilleadh don athbhreithniú breithnúnach a bhí déanta faoin gcás.
Insíonn Mairéad faoin gcaoi a bhfuair sí amach go raibh meall nó tumour ar a hinchinn, faoin gcaoi a baineadh amach é agus faoin gcaoi a bhfuil ag éirí léi ó shin.
Tá taispeántas sean leabhair agus sean phictiúir atá curtha i dtoll a chéile ag Máirtín Davy le feiceáil i Leabharlann an Westside i gCathair na Gaillimhe.