Dúirt an Teachta Dála do Shinn Féin i nGaillimh Thiar agus i Maigh Eo Theas, Mairéad Farrell go bhfuil Pleain Geimhreadh Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte ró-dhéanach le difear a dhéanamh don ghéarchéim sláinte i nGaillimh.
Bhí ionadaithe ó Chomhairle Contae na Gaillimhe in Inis Oírr inné le cás na céibhe agus leis na fó dhlíthe nua atá curtha I bhfeidhm ar an gceibh ansin a phlé le muintir an Oileáin.
Tugadh deis iontach do dhéagóirí an cheantair le gairid foghlaim cen chaoi la Jiveáil. Is iad fóram pleanála teanga Chois Fharraige agus Tuismitheoirí na Gaeltachta a thánaig aníos leis an smaoineamh agus a chuir an cúrsa ar fáil. Dfhreastal scór déagóir ar an gcúrsa 5 seachtainí leis an múinteoir damhsa Josephine Cooney.
Agallamh bunaithe ar a taithí mar thuismitheoir ag tabhairt a cuid gasúir ag feiseanna damhsa, tugann Áine a tuairim faoin scéal a tháinig chun cinn le déanaí faoina comórtais seo.
Tá stangadh bainte as an bpobal ag an tragóid ar an gCraoslach i gContae Dhún na nGall Dé hAoine seo caite. Tragóid ina maraíodh deichniúr agus a gortaíodh ochtar, duine acu sin atá go dona tinn.