Beidh seirbhís fuilaistriúcháin na hÉireann ag tógail fola ó dhaoine sa gCrompán ar an gCeathrú Rua Dé Domhnaigh ó mheán lae go dtí an 3. Labhair Páraic Ó hEidhin faoi chomh tábhachtach agus atá deonú fola mar go mbíonn fuil ag teastáil óna iníon féin Bridget de bharr ailse.
D'oscail taispeántas thoir i Fíbín an tseachtain seo (27 M.F.) - taispeántas a thugann léiriú ar an scríbhneoir Gaeilge is mó díol riamh - Cathal Ó Sandair.
Tá teacht le chéile de chuid Comhairle na Breataine / na hÉireann ar siúl an tseachtain seo - iad ag tabhairt cuairt ar áíteannaí éagsúla i gConamara. Bhuail roinnt acu isteach go RnaG inné is chas siad cúpla port dúinn
Thánaig John Beag isteach go dtí muid ar maidin le n-insint dúinn faoina h-amhráin nua "Amhrán na Máille", "Amhrán Chaitlín Maude" agus "Cá bhfuil tú"atá cumtha aige agus casadh den chéad uair ar an gclár Iris Aniar iad.
Beidh ócáid mhór ceoil agus amhráin dTigh Mhichael Jack in Eannach Mheáin Dé Sathairn i gcuimhne Dharach Ó Catháin a bheadh 100 bliain Dé hAoine dá maireadh sé.