Insíonn máthair Liam do Mháire Bríd Ní Chualáin faoi chomh tinn agus a bhí a mac in Ospidéal na Leanaí i gCromghlinn le gairid leis an Siondróim Stevens Johnson. Bhí Liam i mbaol báis agus b-éigean obráid a chur ar air mar go raibh imní go gcailleadh sé radharc na súl.
Tá sé fógartha ag Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte go bhfuil Ospidéal Pobail an Chlocháin le dúnadh. Deir Michael Dunworth gníomhaí áitiúil go bhfuil se i gceist brú agus troid a chur suas le haghaidh an tseirbhís a choinneáil sa gClochán.
Eagrán speisialta den chlár Iris Aniar a déanadh ón Áras Pobail i Rath Cairn ar an deireadh seachtaine áit a raibh a grúpa tar éis rothaíocht ó Sportlann Naomh Anna chomh fada le Rath Cairn ar mhaithe le Ospís na Gaillimhe.
Ag caint faoin mbailiúchán seanachais agus amhráin a rinne Tomás Ó Máille ó dhaoine ar fud Iarthar na tíre beagnach 100 bliain ó shin. Aiséirí san Iarthar, sean-taifid ón Ollaimh Tomás Ó Máille, éisithe ar líne ag Leabharlann Ollscoil na Gaillimhe.
Labhair Micheál Ó Tuathail le Ailish Ní Chonchubhair, MacDara Mac Fhlannacha agus Ciarán Ó Flatharta ó shiopa Tigh Nioclas faoin ainmiúchán atá faighte acu.
Insíonn Alan Esslemont dúinn faoi na folúntais atá acu i TG4 faoi láthair agus déanann sé cur síos ar an ról nua atá acu do Cheannaire Nuachta agus Cúrsaí Reatha.
Bhí na geallta bád ar siúl i gcaitheamh an tsamhraidh, cén chaoi ar éirigh leo an séasúr seo? Insíonn Donncha dúinn faoi seo agus faoi dhinnéar na mbádóirí.