Insíonn Collette dúinn faoin rás bád seoil intíre is sine sa tír, idir Conga agus Cathair na Gaillimhe, rás a bheidh ar siúl an deireadh seachtaine seo.
Is máthair óg as Indreabhán ó dhúchas í Eilís. I mí Feabhra a chuaigh sí isteach ag an ospidéal mar gur chlis siúl na gcos uirthi, san ospidéal b'éigean dóibh an dá chois a bhaint dhi. Insíonn sí a scéal.
Insíonn Áine Uí Annracháin dúinn faoin taispeántas lásadóireachta atá curtha le chéile acu do Sheachtain na hOidhreachta agus é sin le feiceáil in Iarsmalann an Túir Faire Iascaireachta ar Dhroichead Wolfe Tone i nGaillimh.
Clár beo ó Shorcas Gerbola ar an Tulach ar maidin, clár lán le siamsaíocht, ceol agus neart cainte le lucht an tsorcais agus muintir na háite atá ag glacadh páírte ann.