Tá seisear do chairde an fhear óg a bhásaigh go tragóideach anuraidh, Barry Coen, le iomramh as an Trá Bháin go hÁrainn tráthnóna. Bhí aithne ag Breandán ar Bharry agus insíonn sé dúinn faoi agus faoin dúshlán bailithe airgid seo.
Déanann Joe Connolly, laoch iomána na Gaillimhe cur síos ar na pleananna atá ann do dhrioglann nua do cheantair Iorras Aithneach, drioglann darb ainm Cnoc Buí.
Tá taipseánta le seoladh Dé Domhnaigh ag an Ionad Turas Siar atá lonnaithe ar an gCarús in Iorras i Maigh Eo. Is é Turas Siar go hInis Gé' teideal an taispeántais.