Dé hAoine i Siopa Leabhar Charlie Byrnes i nGaillimh seolfar 'Súil an Daill' - an t-úrscéal ís déanaí le Darach Ó Scolaí. Is é Leabhar Breac a d'fhoilsigh an leabhar agus labhair bunaitheoir Leabhar Breac agus údair an úrscéil 'Súil an Daill' Darach Ó Scolaí linn.
An Garda Michelle Ni Chonghaile - Mír rialta na nGardaí:Áine Ní Dhubhghaill - An Carthanacht 'Domestic Violence Response':Darach Ó Scolaí - Leabhar nua 'Súil An Daill'
Áine Ní Chiaráin - Dréacht Phlean Forbartha Mhaigh Eo:Máirtín Ó Catháin agus Máirtín Ó Gríofa - Foras Feasa ar Iorras Aithneach:Diarmuid Ó Mathúna - Lá na bPancóg.
Tá taispeántas de chlúdaigh an Leabhar Iorras Aithneach thar an deich mbliana is fichid a foilsíodh na leabhair le feiceáil ar bhalla phríomhhalla Ionad na nImirceach i gCarna agus é i gceist acu catalagú dhigiteach a dhéanamh ar na leabhra. Chuaigh Treasa siar acu agus labhair sí le Máirtín Ó Catháin agus Máirtín Ó Gríofa ó choiste an Ionaid.
Cailleadh Micheál Mac Con Iomaire, príomhoide, gníomhaí pobail agus aisteoir i bpáirt an tsagairt i mBaile an Droichid. Tugann Caitlín agus Mairéad chun cuimhne é.
Tá an clár Scoileanna Glasa de chuid An Taisce i bhfeidhm i gColáiste an Eachréidh i mBaile Átha an Rí. Thug Treasa Bhreathnach cuairt orthu le fáil amach faoin gclár agus faoin scoil.