Ar Lá Nollag 2021 láinseál an roicéad 'Ariane 5' ó Spásfort na hEorpa i nGuáin na Fraince. Ar bord an roicéad sin bhí teileascóp James Webb. Tá a áit faire bainte amach anois ag an teileascóp seo, milliún míle ón Domhan agus deirtear linn go mbeidh sé ar a chumas breathnú siar sa stair agus radharc a thabhairt dhúinn ar thús na cruinne.