Tá go leor cainte déanta faoin ardú atá tagtha ar phraghas an gháis le tamall, agus is cinnte nach gcuidíonn a bhfuil ag tarlú san Úcráin i láthair na huaire leis an scéal. Déanadh staidéar le déanaí ar an tionchar a d'fhéadfadh a bheith ar thíortha na hEorpa, an tír seo ina measc, dá mba rud é go gcuirfí isteach ar an soláthar gáis ón Rúis.