Seoladh an feachtas ‘Hurling for Hope’ an tseachtain seo caite i bPáirc an Chrócaigh. Grúpa cairde, imreoirí agus ball foirne ó Chumann Lúthchleas Gael Bhéal Átha hAmhnais i Maigh Eo a tháinig le chéile chun airgead a bhailiú do dhá charthanacht, Oispís Mhaigh Eo agus Ros Comáin agus Cumann Néarón Luadrach na hÉireann.