Máirín Uí Ráinne - Comhairle Ceantar na nOileán chun Mol Nuálaíochta a fhorbairt: An Garda Béibhinn Ní Ghríofa - Póilíneacht Phobail:Bernie Ní Cheallaigh - Bronnadh €35,000 ar Leabharlanna na Gaillimhe:Seán Bán Breathnach & Evelyn Ní Ghriallais - Rásaí na Gaillimhe:Aifric Keogh - Bonn cré-umha grúite aici sna cluichí oilimpeacha i dTóiceo.
Labhair Gearóidín Nic An Iomaire le Aifric Keogh faoin mbonn cré-umha a ghrú sí fhéin agus foireann na mban sa rámhaíocht ag Cluichí Oilimpeacha Tóiceó.
Chaith Kitt Uí Fhlaithearta 53 bliain sa teach Ósta ‘Tí Khitt’ i nDoire an Fhéich. Ba baintreach John Pheteir í agus is ise a dhíol an talamh ar an bhfuil RTÉ Raidió na Gaeltachta tógtha. Cloisfimid scéalta go leor sa mhír seo ó dhaoine a raibh aithne mhaith acu uirthi agus iad ag fásadh aníos sa gceantar nó ag obair sa gceantar.
Tá Aifric Keogh as Áil a ‘ Phreacháin sna Forbacha agus Fiona Murtagh as Tulach Uí Chadhain i Maigh Cuilinn céim níos gaire de bhonn olimpeach a bhuachaint théis dóibh cáiliú don bhabhta ceannais rámhaíochta d’fhoirne de cheathrar i Tóiceo ar an deireadh seachtaine.
Féile Rásaíochta na Gaillimhe ag tosú inniu agus ag leanacht ar aghaidh don tseachtain. Beidh Seán linn 'chuile mhaidin an tseachtain seo agus roinnt leideanna aige.
Tá 183 duine ar a laghad básaithe san Eoraip – in iarthar na Gearmáine a bhformhór, agus tá na céadta ar iarraidh tar éis tuilte móra ansin. Tá Mary Seoighe, as Baile na Cille i Leitir Mealláin, ina conaí sa nGearmáin.
Mír ómois don scríbhneoir agus fealsúnaí Desmond Fennell a chaith blianta i Muighnis agus ag scríobh faoi Chonamara. Labhair Kate Fennell, Bob Quinn, Seosamh Ó Cuaig agus Toner Quinn faoi shaol agus faoi shaothar Desmond.