Togra taighde dhá bhliain seolta ag an Roinn Oideachais ina mbeidh siad ag breathnú ar an mbealach is fearr gur féidir le scoileanna beaga dul i ngleic le cuid de na fadhbanna céanna agus dúshláin céanna a bhíonn acu.
Micheál S. Mac Donncha - Togra taighde do scoileanna beaga:Toner Quinn, Bob Quinn, Seosamh Ó Cuaig agus Kate Fennell - Mír ómois don scríbhneoir agus fealsúnaí Desmond Fennell:Mary Seoighe - Tuillte na Gearmáine.
Tá Comhairle Cathrach na Gaillimhe ag tacú leis an bplean cuid d’aerfort na Gaillimhe a ligint ar cíos go comhlacht scannánaíochta ar feadh tréimhse scór bliain. Tá sé i gceist ag an gcomhlacht Danú Media athchóiriú a dhéanamh ar dhá chrochadán atá san aerfort le scannáin a léiriú ann agus ionad ealaíne agus cultúrtha a lonnú ann.
Tá Micheál ina chathaoirleach ar scoileanna i gceantar Iorras Aithneach. Tugann Micheál a thuairim faoin tionchar a bheas ag an gcinneadh a rinne Comhairle Contae na Gaillimhe diúiltiú don iarratas pleanála do Pháirc na Mara i gCill Chiaráin ar scoileanna an gceantar.
Déanann Cathal cur síos ar an gcineál Delta agus Delta Móide den víreas. Deir an Lárionad Eorpach um Ghalair a Chosc agus a Rialú, an ECDC go mbreathnaíonn sé anois gur an cineál Delta den víreas a bheas i 90% de na cásanna san Eoraip faoi mhí Lúnasa
Bhí an tAire Oideachais Norma Foley os comhair Comhchoiste Oireachtais na Gaeilge, na Gaeltachta agus Phobal Labhartha na Gaeilge le gairid agus í ag labhairt faoi chaighdeán Gaeilge na múinteoirí nuacháilithe bunscoile. Thug Tomás tuairim an Chomhairle Múinteoireachta faoin ábhar seo.
Bhí cruinniú tráthnóna inné ag an gCoiste Comhairleach in Iorras Aithneach faoin gcinneadh atá déanta ag Comhairle Contae na Gaillimhe diúltú don iarratas pleanála do Pháirc na Mara i gCill Chiaráin.