Beidh an tAthair Pádraig Steve Ó Neachtain as an gCré Dhubh sa Spidéal ag ceiliúradh leath chéad bliain ina shagart Dé Domhnaigh an seachtú lá fichead do Mheitheamh.
Rinne na Gardaí achainí eile inné le cúnamh an phobail a fháil sa bhfiosrúchán faoi Bhairbre Bhreathnach as Ruisín na Mainíoch i gCarna a chuaigh ar iarraidh óna teach cónaithe, sé bliana déag is fiche ó shin.
Léiríonn tuairisc atá foilsithe ag an Dochtúir John Bradley go bhfuil cás láidir graithe ann anois le bealach iarnróid an Iarthair idir Gaillimh agus Maigh Eo a oscailt aríst.
Thug Mairéad faoi chúrsa traenála le gairid ionas go mbeadh sí inann cúnamh a thabhairt agus comhairle a chuir ar dhaoine óga atá ag streachailt le cúrsaí an tsaoil.
Tá tús curtha le feachtas bailiúchán airgid ar mhaithe le Mairéad Nevin Larkin as Seanadh Phéistín. Cuireadh obráid mhór ar Mhairéad in Ospidéal Bheaumont i mí Feabhra seo caite agus tá sí ag teacht aici fhéin faoi láthair san Ospidéal Náisiúnta Athshlánúcháin i mBleá Cliath.
Déanfaidh na Gardaí achainní ar an bpobal aríst inniu ag ócáid a bheas acu i gCarna le cúnamh a fháil lena gcuid fiosruithe faoi chás Bhairbre Bhreathnach a chuaigh ar iarraidh 6 bliana déag is fich ó shin.
D’fhógair an Roinn Iompair inné go bhfuil Scoil an Bhaile Nua i Maigh Cuilinn ar cheann den 170 scoil a d’éirigh leo maoiniú a fháil i gclár de chuid na Roinne agus an tÚdarás Náisiúnta Iompair…. clár dar teideal ‘Safe Routes to School’.