Tá maoiniú ceadaithe ag Bord Údarás na Gaeltachta le mol digiteach a fhorbairt in Inis Meáin. Labhair Ruairí freisin ar an gcúrsa nua staire atá sé i gceist a reachtáil in Ionad Cuimhneacháin na nImirceach i gCarna.
Cuirfear tús an chéad mhí eile leis an gcampa samhraidh 'Fís' ar líne do dhéagóirí atá idir dhá bhliain déag agus seacht mbliana déag. Tá an campa seo dírithe ar na healaíona traidisiúnta agus tabharfar seans do dhaoine óga a gcuid tallainne sa réimse seo a fhorbairt. Siad an comhlacht ‘Cuan’ sa Spidéal atá ag eagrú an champa Samhraidh.
Tá peileadóirí óga ó Chumann Luth Chleas Gael i nGaeltachtaí na Gaillimhe, na Mí agus Mhaigh Eo le feiceáil sa leabhrán ‘Peil na Gaeltachta’ atá seolta ag ‘Breacadh’ an eagraíocht a chuireann áiseanna foghlama agus teagaisc ar fáil trí Ghaeilge ... mar thacaíocht do sheirbhísí aosoideachais na Gaeltachta.
D’fhógair an tAire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán, Catherine Martin maoiniú do Mhúsaem Chathair na Gaillimhe le gairid.
Tá muintir Chonamara curtha i leabhar ficsin ag an saoi is fearr a bhfuil ann ar stair na nÉireannach i Stát Maine i Meiriceá, an tOllamh Michael Connolly. Teideal an leabhair ná, Murky Overhead agus é foilsithe ag Tower Publications.
Clár póraithe do na caora den mhianch, ‘Cladóir’ tosaithe ag an tSeirbhís Páirceanna Fiadhúlra agus Dúlra i bPáirc Naisiúnta Chonamara. Bhí amhras ann nárbh ann do na caora seo níos mó ach tá súil leis an gclár seo go dtabharfar ar ais arís iad.
Fógraíodh maoiniú de €400 míle do shuíomhanna agus do shéadchomharthaí i nGaillimh faoi Chiste Séadchomharthaí Pobail de chuid an rialtais 2021 agus labhair Frank linn freisin faoi mhéara nua na Gaillimhe atá le fógairt inniu, Colette Connolly.