Tá méadú tagtha ar ábhar tógála tí mar gheall ar Chovid-19 agus an Bhreatimeacht. Tá sé seo tar éis cur go mór le costais tógáil tí, a dúradh i dtorthaí suirbhé a d’fhoilsigh Cumann na dTógalaithe - an IHBA le gairid. Labhair Séamus linn faoi seo.
Tá Áras Éanna in Inis Oírr ag ceiliúradh 21 bliain ónar bunaíodh iad i mbliana agus clár ealaíne speisialta agus ceolchoirm beartaithe agaibh don mhí seo chugainn.
Beidh an seimineár 'The Whispering Landscape' ar siúl ar líne Dé Máirt agus Dé Ceadaoin seo chugainn. Díreofar ar an dtionscadail Geopháirc Dhúich Sheoigheach agus an stádas Geo-pháirc atáthar ag iarraidh a bhaint amach sa gceantar.
Níl ach cúpla seachtain ag scoláirí iarratas a dhéanamh ar an scéim deontais SUSI agus níl acu ach go dtí deireadh na míosa an fhoirm athrú intinne CAO a líonadh.
D‘fhógair an rialtas inné go gcuirfear síneadh ama leis an scéim atá i bhfeidhm chun cosaint a thabhairt do thionóntaí a bhfuil deacrachtaí airgeadais acu de bharr na géarchéime sláinte. Fograíodh freisin go mbeidh sé de cheart ag gach oibrí sa Stát íocaíocht tinnis a fháil ar feadh suas le deich lá in aghaidh na bliana faoi 2025.