An t-amhrán Tiocfaidh muid thríd, scríofa ag Áine Durkin faoi thráth seo an COVID-19, agus á chanadh ag Caitlín Ní Chualáin, le tionlacan ó Sheán Ó hÉanaigh. Ta an t-amhrán ar fáil anseo saor in aisce, ach d'iarr Áine, dá mba mhaith le daoine éisteacht leis, dá bhféadfaidís cuimhniú ar shíntiús a thabhairt dá rogha carthanachta más féidir.