Tá ócáid filíochta ‘We are the Poets’ de chuid Laureate na nÓg, le reáchtáil i nGaillimh ar an 24ú Feabhra. Bhí Jackie agus Máire ar bheirt de na filí a bhí ag obair le 7 bhfile as aon scoil déag.
Thug Marcus Mac Conghail aghaidh ar Ghaillimh le buaileadh le roinnt de na daoine a bhíonns ag imirt do Ghaeil na Gaillimhe, cumann peile lán-Ghaeilge. Labhair sé le Sheila Ní Bheaglaoich, Sarah Ní Chathmhaoil agus Stiofán Seoighe.
Éamon Ó Cuív - Baill d'Fhianna Fáil i mbun cruinnithe i Maigh Cuilinn:Marcus Mac Conghail - Cruinniú faoin scléaróis iolrach ar an Teach Dóite:Tríona Uí Mhurchú - Obair mhór le déanamh ar Choláiste Chroí Mhuire:Margaret Ó Riada - ‘Bounce Back Recycling’ ag bailiú tochtanna Dé Sathairn seo chugainn ón gCeathrú Rua chomh fada le Bearna.
D'eagraigh Cumann Scléaróis Iolrach na hÉireann cruinniú poiblí i dTigh Pheacock ar an Teach Dóite aréir. Bhí ár dtuairisceoir Marcus Mac Conghail i láthair agus rinne sé cur síos air do Iris Aniar.
Tá sé deimhnithe go bhfuil cead tugtha ag an Roinn Oideachais do Choláiste Chroí Mhuire sa Spidéal obair mhór a dhéanamh ar an scoil. Labhair Treasa Bhreathnach le príomhoide na scoile faoin a bhfuil beartaithe.
Bernie Ní Fhlatharta & an Dr Sinéad Ó Beirn - An bheirt acu ag labhairt faoi dheacrachtaí codladta:Marcus Mac Conghail - Seoladh 'Turas Chonamara', mapa digiteach den Cheathrú Rua:Mairéad Ní Chonaola - Léirmheas ar 'Migrants’ le John Behan i nDánlann Ui Chionnaith.
Labhair siad beirt faoi dheacrachtaí codladta - cén chaoi gur féidir deacrachtaí codlata a leigheas agus léirmheas ag Bernie den leabhar ‘The Shapeless Unease – A Year of not Sleeping’ le Samantha Harvey.