Thánathas ar lonnaíocht sa Lioppa sa Spidéal a cheaptar go raibh ann 8,000 bliain roimh Chríost. Tá Oifig na nOibreacha Poiblí leis an suíomh a fhiosrú. Chuaigh Cóilín Ó Neachtain chun breathnú ar an suíomh agus labhair sé le roinnt de mhuintir na háite faoi. Labhair sé le Seán Ó Coisdealbha, Michael Gibbons agus Jimmy Keady.