Tháinig soitheach i dtír amach ó chósta Bhéal a’Mhuirthead trí bliana ó shin agus úinéir an teachín faighte anois. Freisin, tá Seán ag bailiú eolais faoi scéalta 5G a insint sa Spáinn do Ionad Scéalta an Atlantaigh san Eachléim.
Tá dífhibrileoir nua feistithe taobh amuigh do Tí an Bhreathnaigh ar an gCeathrú Rua agus an t-airgead acu le ceann eile a chuir taobh amuigh do Tí Gheraghty sa mbliain nua.
Dé hAoine seo caite bhí Aoine mhór na siopadóireachta againn, lá go mbíonn sladmhargaidh le fáil ar líne agus sna siopaí. Is é inniu an Cibear- Luan agus an t-airgead nár chaith tú ar an Aoine tá deis eile inniu agat.
Bhí cur i láthair aréir i Halla Pobail Inis Oírr chun eolas a thabhairt don bpobal faoi thionscnamh dár teideal 'High Waves' tionscnamh faoi bhriseadh na dtonnta.
Amhrán nua-thaifeadta ag beirt a bhfuil aithne mhaith orthu. Sé an t-údar agus file iomráiteach Jackie Mac Donncha a chum na focail agus sé an ceoltóir clúiteach Gearóid Ó Murchú a chum an ceol agus an t-amhrán atá i gceist ná Cairde mo Chroí.