Deir an eagraíocht DVR in Uachtar Ard, go bhfuil na seirbhísí a chuireann siad ar fáil i mbaol mar gheall, go bhfuil Tusla, An Ghníomhaireacht um leanaí agus an Teaghlach, tar éis ísliú céime a thabhairt dá gcuid seirbhísí.
Tá an Seimeastar Gaeltachta ar siúl in Ionaid Ghaeltachta Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge i gCarna, ar an gCeathrú Rua, agus i nGaoth Dobhair, don chéad uair riamh ó thús mhí Mheán Fómhair seo caite agus beidh sé ag criochnú ag deireadh na seachtaine seo.
D'fhoilsigh an Chónaidhm Baincéireachta agus Íocaíochtaí na hÉireann taighde nua inné, ina ndeirtear, go ndéantar mí-úsáid airgeadais ar 20% do dhaoine fásta.
Ar an Aoine seo caite, bronnadh gradaim éagsúla ar Phearsa Mhaigh Eo don bhliain 2019. Bronnadh Gradam na Gaeilge ar Threasa agus ar Uinsíonn as an obair uilig atá déanta acu i leith cur chun cinn agus ilforbartha Ghaeltacht Thuaisceart Mhaigh Eo.
Beidh ceardlann eolais turasóireachta á reáchtáil ag Údarás na Gaeltachta amárach agus é dírithe ar chomharchumainn, eagraíochtaí pobail, eagraíochtaí turasóireachta agus daoine gur spéís leo cursaí turasóireachta i gConamara agus in Árainn.
Beidh an tAthair Peter McVerry, ó Iontaobhas Peter McVery, carthanacht do dhaoine gan dídean, ag caint i gColáiste Iognáid i nGaillimh oíche Dé Céadaoin. Chuir McDara síos do Threasa ar an ngrúpa Ignatian Identity agus céard a bhíonn ar siúl acu.
Tá sé ráite go bhfuil máistreacht ag Micheál mar údar nach bhfuil coitianta sa Ghaeilge inniu ó thaobh ábhair agus teanga araon agus is léir é sin ón úrscéal nua óna pheann 'Sa Teach Seo Anocht'.