Barra Ó Ceallaigh - Clár Píolótach:Eibhlín Ní Chatháin - Pacáiste Campa Samhraidh Judo:Neansaí Ní Choisdealbha - Fleadh Cheoil na hÉireann:Éamon Ó Bróithe - 'Tabhair mo Ghrá go Conamara':Nóirín Ní Fhlaithearta - Féile báid seoil Inis Meáin.
Tá clár píolótach forbartha ag Iascach Intíre Éireann agus Foras na Mara. Beidh siad ag déanamh taighde ar an Tuinín Gorm Atlantach. Is í an bád 'Blue Water' a bhíonn ag iascach amach ó Árainn agus Oileán Acla a bheidh i mbun na hoibre amach ó chósta an iarthair ó lár na míosa seo
Marty Ó Lochlainn, duine de stiúrthóirí an champa Judo. Annie Mannion, Céilfhionn Ní Fhlatharta, Caoimhe Ní Chonchubhair, Dara agus Éabha Friel, MacDara Ó Loideáin, Caoimhe Ní Ghríofa agus Naoise Ó Loideáin.
Cuireadh tús le Fleadh Ceoil na hÉireann i nDroichead Átha Dé Domhnaigh seo caite agus beidh sé ar siúl go dtí an Domhnach seo chugainn. Beidh ceolchoirmeacha, ranganna, ceardlainne agus seisiúin ar siúl ar feadh na seachtaine agus na céadta mílte duine ag freastal air.
Tháinig dlúthdhiosca amach le gairid a bhfuil an-bhaint aige le fonnadóirí as Conamara, "Tabhair mo ghrá go Conamara". Is é Éamon Ó Bróithe léiritheoir an dlúthdhiosca.
Is ar Inis Meáin a bheidh na báid seoil ag tabhairt a n-aghaidh an deireadh seachtaine seo má bhíonn an aimsir feiliúnach agus Féile Inis Meáin ar siúl ansin.
Marcus Mac Conghail - Torthaí na hArdteiste: Seán Bán Breathnach - Ócáid i bPáirc Naomh Conleth:Jackie Mac Donncha - Leabhar Mór na nAmhrán:Mártan Ó Donnchadha - Torthaí na hArdteiste:Micheál Bainnín Ó Cualáin agus Tommy Kelly - Rásaí currach agus báid:Peadar Ó Sé - Torthaí na hArdteiste.