Iris Aniar

Iris Aniar

By RTÉ Raidió na GaeltachtaNews
Download on the App Store

All Iris Aniar episodes

  • Iris Aniar: Dé Máirt 20 Lúnasa.
    Máirtín Ó Catháin - Imirce sna 1880idí:Daragh Ó Tuama - Cúrsaí tiomána agus imeacht na Breataine:An tAthair Seán Ó Conghaile - Sagartóireacht thall sa gCóiré:Jackie Mac Donncha - Leabhar Mór na n-Amhán.
    51 min
  • Máirtín Ó Catháin, Iriseoir.
    Beidh deireadh seachtaine mhór ag tarlú ag tús mhí Dheireadh Fómhair in Ionad Cuimhneacháin na nImirceach i gCarna. Beifear ag díriú ar an imirce sna 1880idí agus ar thástáil DNA. Is iad Comhairle Contae na Gaillimhe i gcomhpháirt le hIonad na nImirceach atá ag reáchtáil na hócáide seo.
    12 min
  • Daragh Ó Tuama, Saineolaí ar chúrsaí Carranna.
    Carranna, cúrsaí tiomána agus imeacht na Breataine ar leic an dorais againn. D'aon duine atá ag tiomáint ar cheadúnas tiomána de chuid na Breataine, más rud é go bhfágann an Bhreatain gan margadh a bheith déanta, d'fhéadfá a bheith curtha den bhóthar muna mbeidh do cheadúnas athraithe agat.
    12 min
  • An tAthair Seán Ó Conghaile, as Doire Choill.
    D'fhág an tAthair Seán Ó Conghaile, Doire Choill leathchéad bliain ó shin agus thug sé a aghaidh ar an gCóiré. Tá sé ag sagartóireacht thall sa gCóiré agus cuireann sé seirbhís comhairleoireachta ar fáil d'lánún a mbíonn fadhbanna acu leis an ól. Bhí sé sa mbaile an samhradh seo agus é ag ceiliúradh leathchéad bliain ó ornaíodh ina shagart é.
    21 min
  • Jackie Mac Donncha.
    As Leabhar Mhór na n-Amhrán an tseachtain seo dhírigh Jackie ar an amhrán "Táimse ar an mBaile seo", le Máiréad Mhic Dhonncha as Rath Charin.
    4 min
  • Cath na Ceathrún Rua le Treasa Bhreathnach.
    Is ar an gCéadaoin a osclófar oifigí Fibín ar an Tulach go hoifigiúil agus mar chuid den oíche oscailte sin beidh dráma á chur i láthair acu dar teideal 'Cath na Ceathrún Rua'. Chuaigh ár léiritheoir Treasa Bhreathnach soir ag oifigí Fibín, labhair sí le Máire Dineen, Eoin Geoghegan, Micheál Ó Dubhghail, Róisín Seoighe agus Philip Doherty.
    14 min