Léirmheas ar an oíche oidhreachta a bhí ar siúl in Ionad an Phiarsaigh i Ros Muc, agus ar an taispeántas a rinne comóradh ar bhunú an stáit a bhí ar siúl in Halla an Chomhairle Contae i nGaillimh.
Beidh Taispeántas Chois Fharraige ar siúl ar an Spidéal ar an Domhnach seo chugainn agus iad ag ceiliúradh dhá scór bliain ar an bhfód i mbliana. Chuir Aodán síos ar na himeachtaí ar fad a bheidh ar siúl ar an Domhnach.
Is ar Inis Meáin a thug Kate agus a hiníon Anú a n-aghaidh an tseachtain seo agus chuir sí síos dúinn ar maidin ar gach a bhfuil le feiceáil agus le déanamh ar Inis Meáin.
Beidh cruinniú poiblí i Tigh Pheacock ar an Teach Dóite ar an 26 Meán Fómhair ag an ngrúpa Bóithre Chonamara le cás na mbóithre agus droichid agus eile a phlé.
Mánus Ó Conaire - Grúpa Bóithre Chonamara:Pádraig De Bháldraithe - Míolta Móra:Gráinne Ní Fhátharta - amhránaí an chláir:Marcus Mac Conghail - Pacáiste Seachtain Oidhreachta.
Labhair Gráinne ar a muintir ceolmhar, sin iad muintir Ghriallais agus cáil an cheoil atá acu. Labhair sí freisin ar a hóige agus an chaoi ar thosaigh sí amach ag casadh amhráin.
Tá taispeántas ealaíne de radharcanna na Gaillimhe in ndánlann Kenny leis an ealaíontóir Dean Kelly dar teideal 'City Stories'. Chuaigh Marcus Mac Conghail chun súil a chaitheamh orthu le Tom Kenny.
Beidh cruinniú Ard Chomhairle de chuid an Chumainn mar gheall ar an scéala atá tagtha chun solais nach mbeidh ach céadatán áirithe de na haltraí a bheidh ag cáiliú as seo go ceann roinnt seachtainí ag fáil conarthaí fostaíóchta leis an bhFeidhmeannacht.