Mí amháin de Tvuíteanna de mhíreanna cartlainne Raidió na Gaeltachta, a bhaineanns le Cearta Sibhialta na Gaeltachta le tosú anocht ag Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge.
Tá seisear ar ghearrliosta Réalta Óg na Bliana agus triúr acu sin as Conamara. Beidh an buaiteoir ag brath ar vótaí ón bpobal chun an gradam seo a bhaint amach.
Dé Céadaoin seo chugainn, an t-ochtú lá déag, a sheolfar clár imeachtaí 'Gaillimh 2020' ar an bhFaiche Mhór i nGaillimh. Chuir Freda síos ar na méid atá beartaithe do Ghaillimh 2020.
Tá TG4 agus Ollscoil na hÉireann Gaillimh ainmnithe ar an ngearrliosta d'fhoirgneamh inmharthana sa gcatagóir don earnáil poiblí ag Gradam Údarás Fuinnimh Inmharthana na hÉireann.
Fógraíodh go bhfuil €14.6 milliún le caitheamh ar thithíocht shóisialta i Maigh Cuilinn. Ceistíodh an tAire faoi chúrsaí tithíochta sa gceantar seo agus freisin faoina bhfuil in ndán do thionscal na turasóireachta agus na hiascaireachta mar gheall ar an mBreatimeacht.
I mBoston an tseachtain seo caite cúisíodh iar-oifigeach de chuid na cathrach sin as glacadh le breab de Chaoga Míle dollar. D'fhéadfadh impleachtaí a bheith ag an gcás sin agus cás eile inar cuireadh sracaireacht i leith beirt oifigeach eile ar Mhéara Bhoston, Marty Walsh.