Tá Muintearas Teo ag cuartú daoine le dhul i mbun oibre mar Chuntóirí Teanga i roinnt scoileanna náisiúnta, i nGaeltachtaí na Gaillimhe, Maigh Eo agus Rath Chairn.
Mar chuid d'imeachtaí Lá Chiaráin i gCill Chiaráin Dé Luain beidh Lá Mara ar siúl. Is lá eolais don phobal faoi earnáil na mara atá i gceist leis an Lá Mara seo, á eagrú ag Údarás na Gaeltachta.
Tá Comharchumann Shailearna le haghaidh 7 n-acra talún a cheannacht le tithíocht do lanúin óga as an gceantar agus le h-ionad néaltrú faoi scáth Thearmann Éanna.
Tá na céadta glaochanna gutháin faighte ag an gcarthanacht le roinnt míonnaí anuas, agus baint acu seo go díreach nó go hindíreach le na costais a bhaineann le tús na scolbhliana nua.
Is múinteoir meán scoile í Caroline ach is bean í freisin a bhfuil an-suim aici sa bhfaisean agus cúrsaí smididh agus tá sí ag tabhairt roinnt leideanna dúinn ar maidin ar céard atá sa bhfaisean don Gheimhreadh / Earrach.
Tá cúrsa tógála ar siúl faoi láthair ar chúl Bhruach na Mara anseo i gCasla. Is cúrsa é seo a mhúineann scileanna tógála do dhaoine atá ag fáil leasa shóisialaigh nó ar mhaith leo cur leis na scileanna atá acu fiú. Maireann an cúrsa chúig seachtainí déag agus táthar ag teannadh leis an deireadh dhó faoi láthair.
Tá Jackie Mac Donncha linn arís an tseachtain seo agus é ag caitheamh súil ar amhrán eile as Leabhar Mór na nAmhrán. Is é an t-amhrán Peigín Mistéil atá roghnaithe ag Jackie inniu.