An tAth. Micheál Mac Gréil - turas na croise i Máméan Dé Domhnaigh: Mánus Ó Conghaile - rásaí na Gaillimhe: Peadar Ó Flatharta - amhránaí na hAoine: Emer Ní Chéidigh - curamaí ag teastáil.
Beidh turas na croise i Máméan, Dé Domhnaigh agus léifear an tAifreann ina dhiadh. Is ag trí a chlog a chuirfear tús le turas na croise agus is é an tEaspag Fiontán Ó Monacháin a bheas ina phríomhcheiliúraí ag an Aifreann.
Is é Peadar atá mar amhránaí sa stiúideo inniú. Rinne Peadar cur síos ar na hamhráin a chasann sé agus chas sé amhrán nua atá cumtha ag Tom a tSeoighe "Bailte Chonamara".
Cuireann Casla Home Care seirbhís cúram baile ar fáil i gceantar Chonamara. Tá Casla Home Care ar an bhfód anois ó 2012 agus tá sé lonnaithe in Indreabhán. Tá siad ag cuartú curamóirí faoi láthair.
Seán Ó Gallachóir - Naíonra nua i gceantar na hEachléime: Mánus Ó Conghaile - rásaí na Gaillimhe: Kate Fennell - Inis Bó Finne: Jackie MacDonncha - Leabhar mór na namhrán.