D'éirigh le foireann cailíní faoi shé bliana déag na Gaillimhe an ceann is fearr a fháil ar chontae na Mí i gcluiche Ceannais na hÉireann faoi shé bliana déag A, a bhí ar siúil ar Pháirc na Rághineach i gContae Uíbh Fhaillí tráthnóna aréir. Tá roinnt cailíní as cumainn peile Chonamara ag imirt ar an bhfoireann.