Is ar an Domhnach seo chugainn a chuirfear tús le Scoil Acla na bliana seo, scoil samhraidh sa gceol agus na healaíona traidisiúnta. Bíonn réimse leathan ranganna á chur ar fáil ag Scoil Acla do dhaoine óga agus fásta, cibé cén cumas ceoil atá acu.
Is siar ar an gClochán a thug Kate agus a hiníon Anú a n-aghaidh an tseachtain seo agus tá sí ag insint dúinn na rudaí ar fad atá le déanamh agus le feiceáil ansin.
Is i gCloch na Rón a bhí na rásaí báid an deireadh seachtaine agus tá Tommy ag tabhairt na torthaí agus tá clár na bpointí uilig aige inniu chomh maith agus coimhlint mhór idir na báid ar fad.
Tá sé iarrtha roinnt uaireanta ag Comhairle Ceantar na nOileán ar an gComhairle Contae go gcuirfí cóip den staidéar féidearthachta a rinneadh ar dhroichid an cheantair ar fáil dóibh ach níor tharla sé sin. D'éirigh le Kevin O'Hara ó Shinn Féin, cóip den staidéar a fháil faoin Acht um Shaoráil Faisnéise inné.
Tá sé i gceist ag an gcomhlacht JD Wetherspoon an club oíche i nGaillimh, Carbon, a cheannacht. Is teach tábhairne de 4,000 troigh cearnaithe atá ar intinn acu le gairdín beorach ar an gcéad urlár de 1,900 tróigh cearnaithe a dhéanamh ag an ionad má éiríonn leo cead pleanála a fháil.
Tá Bertie tar éis an gleoiteog mór an Naomh Ina a cheannacht a bhíodh ag clann Uí Ghriofa i dTír an Fhia agus tá sé ag tabhairt ainm nua ortha an St. Mary. Chuir sé síos do Mháire Bríd faoin mbád agus an seoltóireacht.
Tá Yvonne ag casadh amhráin ar an sean-nós ó bhí sí chúig bhliana d'aois agus tá roinnt comórtais bainte amach aice go dtí seo ina measc comórtas faoi tríocha cúig ag an Oireachtas. Tá sí ag múineadh i Scoil Chuimsitheach Chiaráin, ar an gCeathrú Rua.
Josephine Ní Chunaigh, stiúrthóir Champa Saoire Leitir Mucú. Meimé Ní Thuathail, Niamh Ní Mhaoiláin, Lily Ní hOibicín, Orlaith Ní Chunaigh, Róna Ní Fhátharta. Conall Ó Sé, Caomhán Seoige, Holly Nic an Ultaigh agus Aeibhín Ní Fhlatharta.
Thug Comhairleoirí Cathrach na Gaillimhe a mbeannacht le gairid, don phlean le 'Gaelteacht Uirbeach' mar a thugtar air, a bhunú in Oileán Altantach sa gcathair. Is é an it a mbíonn an pobal mór d'fhéile ealaíona na Gaillimhe, go dtí Beairic na nGardaí i Sráid an Mhuilinn, an láthair atá i gceist.
Tá an comhlacht 'Go West', atá lonnaithe sna Forbacha i nGaillimh ainmnithe ar an ngearrliosta do Ghradaim Tionscail Ócáide sa rannóg don Eagraí Comhdhála Ghairmiúil is fearr. Cuireadh tús leis na gradaim i 2009 agus sé an aidhm atá acu ná comóradh a dhéanamh orthu siúd a bhaineann an caighdeáin is airde amach san earnáil.