Iris Aniar

Iris Aniar

By RTÉ Raidió na GaeltachtaNews
Download on the App Store

All Iris Aniar episodes

  • Ultan Macken, Scríbhneoir.
    Is mac leis an údar iomráitheach Walter Macken é Ultan. Ar ndóigh scríobh Walter Macken leabhair cáiliúla ar nós 'Rain on the Wind' agus 'Seek the Fair Land'. Tá a mhac Ultan tar éis seó a scríobh dár teideal 'Athair agus Mac' agus cuirfear ar an stáitse tráthnóna inniu é, mar chuid d'Fhéile ar an Imeall, i nGaillimh.
    6 min
  • Bairbre Ní Fhátharta. Máire Bríd Ní Chualáin, ár dtuairisceoir.
    Tá go leor cainte le tamall ar an mhoill atá le seirbhísí do theaghlaigh a dteastaíonn uathu a fháil amach an bhfuil uathachas ar a bpáiste. Thug Feidhmeannacht na Seirbhísí Sláinte le fios go bhfuil 96 gasúr i gceantar na Gaillimhe/Ros Comáin ag fanacht ar mheasúnú do Uathachas faoi láthair agus go bhfuil laghdú 10 mí tagtha ar seo anois.
    11 min
  • Cormac Ó Cadhain, as Inis Oírr.
    Tá Cormac Ó Cadhain ag tabhairt faoi thuras chuig na Graonlainne mar chuid de Dhúshlán Chaitríona Lucas, in ómós don Gharda Cósta as Contae an Chláir a bhásaigh go tragóideach trí bliana ó shin. Tá Cormac ar dhuine de sheisear a bheas ag tabhairt faoin aistear seo.
    11 min
  • Méadbh Ní Ghaora, ó Choiste Fhéile Mhic Dara.
    Cuireadh tús leis an bhféile Dé hAoine agus bhí neart ag tarlú ó shin ina measc bhí craobh na hÉireann rásaí sa curach ar siúl ar an deireadh seachtain. Tá an t-Aifreann le bheith ar an oileán ag Meán Lae agus rásaí báid seoil tráthnóna. Tá an fhéile ag dul ó neart go neart.
    5 min