Níos túisce chuala muid ar Adhmhaidin fear a tháinig go dtí an Cheathrú Rua le cleachta a dhéanamh ar a chuid Gaeilge agus a bhí thar a bheith diomách mar nach raibh Gaeilge i roinnt de na háiteanna a ndeachaigh sé isteach iontu ar an mbaile le lón a bheith aige.
Bhí Mairéad gnóthach i rith na seachtaine, bhí sí i Halla na Cathrach ag breathnú ar an seó "Cumar - A Galway Rhapsody" in Amharclann na Cathrach agus ar an seó Salómae le Breandán de Gallaí atá ar siúl i dTaibhdhearc na Gaillimhe. Thug sí léirmheas ar an dá seó dúinn ar maidin.
Tá Jackie linn arís ar maidin agus é ag diriú ar amhrán eile an tseachtain seo as Leabhar Mór na n-Amhrán agus is é an t-amhrán "An Buachaillín Múinte" atá á phlé aige an tseachtain seo. Is amhrán faoin ngrá é agus an chion a bhí ag fear óg do chailín óg.
Cormac Seoige agus Eoghan Ó Ceallaigh, ó Spraoi Mara.Lucas Mac Donncha de hÉin, Seán Ó Domhnaill, Fionn Ó Neachtai agus Ailbhe Nic Fhlannchadha.Eibhlín Ní Chatháin, ár dtuairisceoir.
Is ar Ionad Marcaíochta Sliabh Eachtraí i mBaile Loch an Riach a thug Kate a haghaidh an tseachtain seo agus go leor le déanamh agus le feiceáil ansin.
Tá scannán nua le Aodh á thaispeáin ag Fleadh Scannanaíochta na Gaillimhe inniu. Déantar scrúdú sa scannán ar an tionchur atá ag cathair na Gaillimhe agus ag Conamara ar sheisear ealaíontóirí as réimsí éagsúla.
Thug an triúr scolaire seo as Coláiste Cholm Cille in Indreabhán, turas chuig Lille na Fraince an tseachtain seo caite mar chuid don Chomórtas Junior Achievement Europe.