Tá Séamus ag dul isteach ar Oileán Mhic Dara ó bhí sé an-óg agus tagann a chlann agus na gaolta le chéile chuile bhliain le ceiliúradh a dhéanamh ar an lá. D'éirigh sé as a chuid cúramaí le Bord Iascaigh Mhara an tseachtain seo caite.
D'éirigh le Sorcha craobh na hÉireann sa dornálaíochta a bhaint amach le gairid agus chuir sí síos ar do Nuala. Chuaigh Lisa chomh fada le craobh leath cheannais na hÉireann agus gan í ach fós ag freastal ar an mbunscoil. Tá an bheirt acu ag traenáil le Club Dornálaíochta Chonamara i gCasla.
Thug Ailish léi an chéad áit ag Fleadh Cheoil Chonnacht le gairid san amhránaíochta agus beidh sí ag dul ar aghaidh go Fleadh Cheoil na hÉireann i nDroichead Átha i Mí Lúnasa.
Tugann Seosamh cuairt ar Oileán Mhic Dara chuile bhliain agus is breá leis a bheith ag tabhairt cuairte ar an mbaile agus é in ann é sin a dhéanamh níos minice anois.
Bhí Tommy ag tabhairt torthaí na rasaí báid agus gleoigteogaí a bhí ar siúl mar chuid de Fhéile Mhic Dara Dé Domhnaigh agus Micheál ag tabhairt torthaí na rásaí curach a bhí ar siúl.