Tá taighde á dhéanamh ag Mael Gezequel ar na bealaí éagsúla a fhuaimnítear focail a bhaineann le cúrsaí mara. Tá sé i gceantar Conamara faoi láthair agus bhí sé thiar san Ionad Oidhreachta i Leitir Mealláin i gcuideachta John Bhaba Jeaic Ó Conaghaile.
Beidh an Dr.Susan Crawford agus a mac i gConamara an deireadh seachtaine seo agus iad ag tabhairt faoi aistir 2,500 km ar shlí an Atlantaigh Fhiáin le h-eolas a scaipeadh faoi uathachas.
Tá Inis Oírr chun cinn ar an gcuid eile den tír ó thaobh fuinneamh inathnuaite ach céard a shíleann siad faoi phlean timpeallachta an rialtas a d'fhogair siad an tseachtain seo... an dtéann sé sách fada?
Tá taighde ar bun aici do thaispeántas a bheas á chur ar siúl aici i dhá Ospidéil i nGaillimh bunaithe ar amhráin, paidreacha agus nathanna cainte leighis. Is mar chuid de Ghaillimh 2020 a bheas na seónna á reáchtáil.
Darina Nic Con Iomaire, Príomhoide. Orlaith Ní Bhraoin, Leas Phríomhoide. Daltaí Rang a Cúig - Ruan Ó Diver, Donnacha Ó Neachtain, Aislinn Ní Bhraoin, Méabh Nic Con Iomaire, Scott Ó Ceallaigh, Caoimhe Ní Laimhín agus Órla Nic Pháidín.