Is é Dé Domhnaigh Lá náisiúnta na dTobar beannaithe. Chuaigh léiritheoir an chlár, Treasa Breathnach siar go Roisin na Mainíoch le scéal Thobair Muire a fháil ó Sheosamh Ó Cuaig.
Rinne Michael cur síos ar a mhuintir agus an chaoi go raibh sean nós agus amhráin ar chaon taobh aige. Labhair sé ar an chaoi ar thosaigh sé amach ag casadh amhráin agus ar an Oireachtas agus ag cur isteach ar na comórtais agus an chaoi a roghnaíonn sé a chuid amhráin le casadh ag comórtais.
Beidh Bloomsday ar siúl ar an 16ú Meitheamh, Chuaigh Treasa Breathnach chun cainte leis an staraí Tom Kenny chun scéal bean na Gaillimhe, Nóra Barnacle a bhí pósta le James Joyce a fháil amach.
Teach Ósta nua oscailte i Maigh Cuilinn. Chuaigh Máire Bríd Ní Chualáin chun cainte leis na húinéirí agus deartháireacha Máirtín agus John Ó Flatharta faoin teach ósta a thógail ar láimh don gcéad uair.