Is carthanacht iad 'Make a Wish Ireland' a thugann cúnamh do ghasúir atá tinn agus dá dteaghlaigh. Tá Tomás Ó Cualáin as Saile Thúna sa Spidéal ag tabhairt faoi dhúshlán le hairgead a bhailiú don gcarthanacht. Sé an sprioc atá leagtha amach aige ná milliún méadar a iomradh.