Tá duine de mhór phearsan shaol na Gaeilge, Liam Mac Con Iomaire, Billy Mháirtín Mhaidhc an Droichid as Casla anseo i gConamara ó dhúchas imithe ar shlí na fírinne. Bhí aithne i bhfad agus i ngearr air mar údar, craoltóir, aistritheoir, scoláire agus saineolaí teanga, fear a d'fhág a lorg ar ghnéithe éagsúla de shaol na teanga agus na tíre.