Beidh tús á chur le Féile Choilm de Bhailís ar an Déardaoin seo agus leanfaidh sé ar aghaidh go dtí an Domhnach. Beidh roinnt mhaith imeachtaí ar siúl le linn an deireadh seachtaine ina measc beidh Banríona na Sairdín le piocadh oíche Dé Sathairn agus ar an Domhnach beidh Gradam an tSiamsa le bronnadh ag ócáid na féile sa Sruthán Buí.
Is é inniu an dara lá de Bhealtaine "Lá Éigse nó Lá Filíochta Éireann". Tá imeachtaí go leor ag tarlú fud fad na tíre agus beidh idir daoine aonarach, eagraíochtaí agus scoileanna páirteach ann.
Tá sraith cruinneachaí ar bun faoi láthair leis an torthaí ar an mórshuirbhé a rinneadh ar phobal an Eachréidh mar chuid de phlean teanga a réiteach do limistéar Pleanála Teanga an Eachréidh do 2020 go dtí 2027 a scaipeadh ar an bpobal.
Beidh Mary ag déanamh turas rothaíochta ó Chinn tSáile i gCorcaigh go Maigh, i gContae Dhún na nGall ar mhaithe le Cumann na hÉireann um Madraí Treorach. Chuaigh Eibhlín chun cainte léi faoi agus chomh maith le sin rinne Eibhlín taighde ar cén sort ullmhú a theastaíonn uaidh dhuine a dhéanamh a bheadh ag tabhairt faoi dúshláin mar seo.
Tá Coiste Jabanna do Cheantar Iorras Aithnach le dhul i mbun agóide seachtain ón Domhnach 12 Bealtaine, lena gcuid míshástacht a chur in iúl do Chomhairle Contae na Gaillimhe. Beidh an siúlóid ag dul ó Charna go Cill Chiaráin agus ó Dhroichead Inbhear go Cill Chiaráin.
Chuir Breandán síos do Threasa ar an gcostas mór atá ag baint leis an gcostas atá orthu na leoraithe a choinneáil i gcaoi de bharr an droch chaoi atá ar bhóithre Chonamara.
Tá sraith nua, 'Taoide' ag tosú ar TG4 anocht, a dhíreoidh ar cheann de na fórsaí nádúrtha is cumhachtaí agus is mistéiri ar bhéal na cruinne. Is é Mac Dara a bheidh ag láithriú an chláir agus tá sé linn ar maidin.
Fógraíodh le gairid go bhfuil socrú déanta idir Údarás Aerfort Bhaile Átha Cliath a bhreathnaíonn amach do Aerfoirt na príomhchathrach agus Chorcaigh ar ndóigh agus drioglann Mhicil i nGaillimh le go mbeidh poitin agus gin an chomhlachta ar díol sna hAerfoirt ansin as seo amach.
Tá Foras na Gaeilge le hurraíocht a dhéanamh ar dhá scoláireacht, gur fiú €6,015 an ceann, do mhic léinn a theastaíonn uathu tabhairt faoi mháistreacht sa Léann Teanga in Ollscoil na hÉireann Gaillimh.
Beidh Plean Teanga Ghaeltacht na Mí dhá sheoladh in Áras Pobail Rath Chairn Déardaoin seo chugainn ag Príomh Aoire an Rialtais agus Aire Stáit na Gaeilge, Gaeltachta agus na nOileán Seán Kyne.