Bhí Michael ag ócáid ceiliúradh Chumann Peile na bPiarsach i Florian Hall an deireadh seachtaine seo caite agus chuir sé síos do Fionnuala ar na blianta a chaith sé i Wales roimh a dtug sé aghaidh ar Bhostún agus ar a shaol ó shin.
Is í Daríona a thug léi an duais mhór ag comórtas an Pan Ceilteach i Leitir Ceanainn aréir leis an amhrán "Ní Thuigim" a scríobh Áine Durkin as Eanach Mheáin ó dhúchas ach atá ina cónaí i mBun Cranncha. Is é seo an tríú bliain as a chéile do Éirinn an comórtas a bhuachan.
Tiocfaidh slua daoine le chéile ag Dumhach na Leanbh ar an Teach Mór in Indreabhán tráthnóna, áit a léifear Aifreann i gcuimhne na marbh atá curtha sa reilig ar an trá ansin. Is i 1984 a cuireadh Crois in airde sa spota céanna agus tá athchóiriú déanta anois ar an reilig.
Fógraíodh gearrliosta Ghradam Sheosaimh Uí Ógartaigh inné ag preas-ócáid a reáchtáladh i gCumann Tráchtála na Gaillimhe. Is é Méara Chathair na Gaillimhe, an Comhairleoir Niall McNelis, a d'fhógair an ghearrliosta de ghnólachtaí agus eagraíochtaí atá lonnaithe i gcathair na Gaillimhe.
Bhailigh ós cionn dhá chéad duine do bhunú Ros Muc agus go deimhin Chonamara i Florian Hall i Dorchester san oíche Dé Sathairn seo caite mar chuid den turas a thug Cumann Peile na bPiarsaigh go Bostún agus iad ag ceiliúradh 60 blian ar an bhfód i mbliana.
Bhuel tá sé beagnach ina Shamhradh arís. Tá mé cinnte go mbeidh neart agaibh ag tabhairt aghaidh ar laethanta saoire sa ngrian thar lear. Ach is cosúil nach rogha é sin do chuile dhuine, mar go mbíonn faitíos ar roinnt dhaoine taisteal ar eitleán.
Táthar ag iarraidh ar phobail Chathair na Gaillimhe oibriú as lámha chéile leis an gComhairle Cathrach agus le gnólachtaí an bhaile mhóir, mar go bhfuil feachtas glantachán beartaithe don deireadh seachtaine sula ndéanfar moltóireacht ann do chomórtas na mBailte is Glaine in Éirinn an mhí seo chugainn.
Tá dámhachtain nó deontais nuálaíochta á thairiscint ag Údarás na Gaeltachta, i gcomhair le Institiúid Teicneolaíochta na Gaillimhe agus Mhaigh Eo, an GMIT, ar dhá cheann de chéimeanna máistreachta a bhéas dá dtairiscint ag an Institiúid.