Irish in Toronto

Irish in Toronto

By Pa SheehanSociety & Culture
Download on the App Store

Irish in Toronto episodes

  • Iománaithe ó chontaetha 'láidre' ag imirt le contaetha 'níos laige' le Naoise de Bhaldraithe

     Beidh mé ag caint le Naoise de Bhaldraithe, fear as Cill Chainnigh, atá ag cur faoi i mBaile Átha Cliath agus a imríonn iománaíocht le Doire. Cad é mar fhear! I 2006, thug Seán Kelly agus an Cumann Lúthchleas Gael cead do chontaetha a bhí ag imirt sna coirn Nicky Rickard agus Christy Ring cúigear imreoirí ó chontaetha an Liam McCarthy a bheith ar a bpainéil. Thapaigh Naoise an deis sin agus imríonn sé fós le Doire. Pléfimid cén fáth gur bheartaigh sé imirt, na buntáistí is na deacrachtaí a bhí i gceist chomh maith leis na difríochtaí a bhí le feiscint i measc contaetha áirithe ag leibhéil dhifriúla iománaíochta.

    28 min
  • Foireann Chorcaí a d'imir sa tSraith 2009

     Inniu, beidh mé ag caint le Tadhg Óg Murphy a bhí ar phainéal iomána Corcaí don Sraith i 2009 fad a bhí an painéal ón mbliain roimhe sin fós ar stailc. D’imir agus chaill an fhoireann nua trí chluiche sraithe sular cuireadh deireadh leis an stailc agus sular tháinig na gnáth-imreoirí ar ais. Thug Tadhg Óg cúpla taispeántas maith sa Sraith agus bhain sé áit amach ar an bpainéal don Chraobh, fiú nuair a tháinig na sean-imreoirí ar ais. Labhróimid faoin mbliain chonspóideach sin, faoi conas is féidir desieanna a bheith ag imirt ar ard-chaighdeán a thabhairt don mhéid is mó imreoirí agus iad óg agus faoi imreoirí eisceachtúla idirchontae; na bláthóirí malla.

    26 min
  • 'Cailíní ag imirt leis na buachaillí faoi aois' le Naomi Carroll

    Inniu, beidh mé ag labhairt le Naomi Carroll, imreoir haca na hÉireann. Is as Creatlach i gContae an Chláir í Naomi agus ó bhí sí ocht mbliana d’aois go dtí go raibh sí sé bliana déag d’aois, d’imríodh sí iomáint is caid le foireann na mbuachaillí i gCreatlach. D’imríodh sí camógaíocht is peil na mban le Contae an Chláir chomh maith le sacar le foireann na hÉireann. Faoi láthair, imríonn sí haca leis an bhfoireann náisiúnta. Labhraíonn Naomi liom faoi na buntáistí is na míbhuntáistí a bhí i gceist agus í ina cailín óg ag imirt leis na buachaillí. Labhraíonn sí chomh maith faoi na roghanna atá ar fáil sa lá atá inniu ann do chailíní óga. Tá súil agam go mbainfidh sibh taitneamh as an bplé.

    25 min
  • An é sin an leaid a d'aistrigh club?

    Inniu, beidh mé ag labhairt le hÉanna Ó Maolmhíchíl, ‘fíor-Chláiríneach’ mar a thugann sé air féin. Is í an topaic atá idir láimhe againn ná rud nach dtarlaíonn go ró-mhinic i saol an Chumainn Lúthchleas Gael; aistriú club. I 2014, d’aistrigh Éanna club ó Mhíleac go dtí an Páirtín, dhá chlub sa pharóiste céanna i gContae an Chláir, an-ghar don teorainn Luimní. Pléfimid cén fáth gur aistrigh sé chomh maith leis na dúshláin a bhí aige agus cé chomh sásta is atá sé lena chinneadh faoi láthair. 

    29 min
  • 'Ag imirt iomána agus sacair le do chontae' le Daragh Corry

    Fáilte romhaibh ar ais go Ar imeall na cearnóige nó fáilte romhaibh don chéad uair. Inniu, beidh mé ag labhairt le Daragh Corry, iar-iománaí agus iar-imreoir sacair an Chláir. Pléfimid na cosúlachtaí, na difríochtaí, na buntáistí is na deacrachtaí a thug sé faoi deara agus é ag imirt an dá spórt lena chontae.

    27 min
  • Iriseoir spóirt; an post is fearr riamh?

     Beidh mé ag labhairt le Briain Ó Barra, iriseoir spóirt. Ní hamháin ach is é an t-aon iriseoir amháin le Sky Sports atá lonnaithe in Éirinn. Pléfimid na buntáistí is na míbhuntáistí a bhaineann leis an bpost speisialta seo. Tá súil agam go mbainfidh sibh taitneamh as an bplé. 

    Má tá aon tuairimí agatsa ar an ábhar nó más maith leat topaic áirithe a mholadh dom, ná bíodh drogall ort scríobh chugam ar Twitter @PaSheehan nó trí ríomhphost [email protected]. Tá súil agam cúpla clár eile a dhéanamh agus bheinn sásta iad a bheith bunaithe ar bhur gcuid tuairimí. Go raibh maith agat as éisteacht linn inniu is chífidh mé sibh go luath. 

    24 min

About Irish in Toronto

From the publisher's feed

This podcast showcases the Irish living in Toronto today. We discuss why they came, what made them stay, what they miss about home and will their future be in Canada or in Ireland. Subscribe and share…

More shows like Irish in Toronto

The Rest Is History by Goalhanger

The Rest Is History

15,603 Listeners

Free State with Joe Brolly and Dion Fanning by Gold Hat Productions

Free State with Joe Brolly and Dion Fanning

77 Listeners