
Sign up to save your podcasts
Or


Tá Muireann Ní Corcrain ar scoláireacht Fulbright i mbliana in Ollscoil Connecticut. Labhraíonn sí linn faoina saol san oirthuaisceart agus faoin ról atá ag an gCumann Lúthchleas Gael fós ina saol ann. Bainigí taitneamh as.
Má tá aon ceisteanna agaibh, ná bíodh drogall oraibh scríobh chugam ar [email protected]
Thosaigh John Prendergast ag imirt iomána don chéad uair riamh agus é ag staidéar i Missoula, Montana. I ndiaidh sin, bhunaigh sé club Chumainn Lúthchleas Gael in Ollscoil Notre Dame.
Má tá aon cheisteanna agaibh, scríobh chugam ar [email protected]
Labhraíonn Eimearr linn faoin gcuaille agus faoin tionchar atá ag an spórt nua ar a saol.
Is féidir ríomhphost a sheoladh chuig [email protected] má tá aon cheisteanna agaibh.
Inniu, beidh mé ag labhairt le Séan Ó Conaill, Ollamh in Ollscoil Chorcaí agus saineolaí maidir le dlí agus spórt. Insíonn Seán dúinn cad a spreag a shuim i gcúrsaí spóirt. Labhraíonn sé faoi ról an dlí i sacar na hEorpa agus sacar na hÉireann, ach go háirithe. Ag deireadh an phlé, labhraíonn Seán faoi na difríochtaí úinéireachta atá ann idir spórt i Meiriceá Thuaidh agus san Eoraip, topaic atá an-suimiúil tar éis na conspóide a bhain le Superleague molta na hEorpa. Bainigí taitneamh as an bplé.
Inniu, beidh mé ag labhairt le hAodh Ó Corráin. Ciarraíocht is ea é a thugann léargas suimiúil dúinn faoina shaol mar ríreathaí nó ultra runner. Ceann de an comhráite ba shuimiúla a bhí agam riamh, insíonn Aodh dúinn cen fáth a thugann sé faoi na dúshláin mhóra seo agus bheifeá spreagtha tar éis a bheith ag éisteacht leis. Bainigí taitneamh as an bplé.
Má tá aon tuairimí agaibhse don seó, ná bíodh drogall oraibh scríobh chugam ar Twitter @PaSheehan nó trí ríomhphost [email protected]. Go raibh maith agaibh as éisteacht linn inniu. Beidh mé ar ais i gceann coicíse le comhrá nua, cóimeádaigí súil ar an spás seo.
Inniu, beidh mé ag labhairt le Darragh O’Brien. Imríonn Darragh le foireann shinsir Cheatharlaigh le beagnach deich mbliana anuas. Chomh maith leis sin, tá cúpla craobh sinsir an chontae buaite aige lena chlub Éire Óg. Oibríonn sé mar mhúinteoir corpoideachais agus Gaeilge freisin. Labhraíonn sé linn faoi na buntáistí is na deacrachtaí a bhaineann le clubanna a dhéanann iarracht tabhairt faoin iomáint agus faoin bpeil Ghaelach. Chomh maith, labhraíonn sé go hionraic faoina athair, Turlough, agus faoin gcaidreamh a bhí eatarthu nuair a bhí Turlough ina bhainisteoir le foireann shinsir Cheatharlaigh. Bainigí taitneamh as an bplé.
Inniu, beidh mé ag labhairt le Mark O’Donnell. Anois, is Oifigeach Forbartha Cluichí de chuid an Chumainn Lúthchleas Gael é Mark in Institiúd Teicneolaíochta Luimnigh ach fear iarthair an Chláir is ea é amach is amach. D’oibrigh sé le foireann sinsir iománaíochta an Chláir faoi stiúir Donal Moloney agus Gerry O’Connor.
Beimid ag caint faoin ról a bheadh aige le foireann éigin. Tabharfaidh sé samplaí dúinn de sheachtain thipiciúil agus de sheisiún tipiciúil a bheadh aie le foireann idirchontae. Labhróidh sé faoi mhodhanna nua cóitseálaithe agus an tionchar atá ag teacht ó spóirt eile. Ag an deireadh, pléfimid na buntáistí a bhaineann le sampláil spórt. Táim cinnte go mbainfidh sibh taitneamh as an bplé.
Chaith Kevin tréimhse i gContae Chiarraí agus sa Fhrainc mar pháiste. D’imir sé peil le contae Lia Troma agus contae Chorcaí sular bhog sé go dtí an Chóiré Theas trí bliana ó shin. D’fhéadfá a rá gur fear an-siúlach is ea é. Beimid ag caint faoina shaol sa Chóiré Theas agus conas a úsáideann sé spórt chun brú oideachais a laghdú i measc páistí ach go háirithe. Chomh maith, labhróimid faoi spiorad an Chumainn Lúthchleas Gael san Áis agus na deiseanna is na deacrachtaí atá ag clubanna sa mhór-roinn sin.
Inniu, beidh mé ag caint le Donncha Ó Murchú as Baile Átha Cliath ach cloisfidh sibh píosa beag de chuid Ciarraí ina chuid cainte! Chaith Donncha tréimhsí ag imirt iomána i Chicago le foireann Luimní agus i Missoula, Montana, dhá áit a léiríonn an éagsúlacht atá le feiscint sna Stáit Aontaithe. Pléfimid struchtúr na craoibhe is na gcomórtas sa dá áit chomh maith leis na difríochtaí ollmhóra atá le feiscint maidir leis an iomáint thall. Bainigí taitneamh as.
From the publisher's feed

15,603 Listeners

77 Listeners