Tagann Vobara agus a chairde go hÉirinn agus déanann sé iarracht a theachtaireacht a chraoladh: go bhfuil sé sa tóir ar "thaisceadán rúnda na Gaeilge".
Cuirimid aithne ar phríomhcharachtair na ndrámaí - Éire, Pilib a' cheoil, agus Ollcheannaire an Spáis Vobara Jitma Dozak atá ag iarraidh Gaeilge a fhoghlaim.
Samhlaigh Ollcheanaire an Spáis ina athbheochantóir Gaeilge! Sin go díreach atá sa tsraith nua drámaí raidió 'Is ait an mac an saol', a tháinig ó shamhlaíocht thorthúil an scríbhneora Emer Ní Rónáin.…
Is údar bróin don Ollcheannaire Vobara Jitma Dozak teangacha an spáis gan a bheith le cloisteáil níos mó agus beartaíonn sé teacht go hÉireann le Gaeilge a fhoghlaim agus a scaipeadh ar fud an spáis. Suite i bhfad sa todhchaí, tabharfar an t-éisteoir ar chamchuairt idir-réaltach agus Vobara sa tóir ar 'thaisceadán rúnda na Gaeilge'.