Chun tús a chur leis an mbliain úrnua, tá coinníollacha faoi leith a bhaineann le rúin a bhunú á phlé ag Fódhla & Pádraig, chomh-maith le brú an tsochaí ina leith.
Um Nollaig, is minic a bhíonn brú orainn ceiliúradh foirfe a chur i gcríoch. Pléann Fódhla agus Pádraig drochiarmhairtí an bhrú, chomh-maith le comhthéacs na paindéime.
Iontaoibh a bheith agat as duine, mí-úsáid íomhánna collaí agus fadhb scaipeadh íomhánna gan thoil in Éirinn atá á bplé ag Fódhla agus Patch san eagrán seo.
Tábhacht agus aidhmeanna na bhfeachtas feasachta atá faoi chaibidil ar an eagrán seo.
28 min
About Meabhairtháinte
From the publisher's feed
Pléann Pádraig agus Fódhla rudaí a ghoileann orainn uilig ó am go chéile, chomh maith le fadhbanna nua atá ag teacht chun solais de bharr na paindéime. Bíonn moltaí, samplaí óna dtaithí féin agus…
acmhainní úsáideacha á roinnt acu lena n-éisteoirí ó sheachtain go seachtain. 'Sé aidhm an chláir ná ardán a thabhairt do streachailtí meabhairshláinte agus normalú a dhéanamh ar labhairt amach faoinár bhfadhbanna.