Nuacht a hAon

Nuacht a hAon

By RTÉ Raidió na GaeltachtaNews
Download on the App Store

All Nuacht a hAon episodes

  • John Downing : Colúnaí agus comhfhreagraí polaitiúil leis an Irish Independent.

    Tá sé curtha in iúl ag dlíodóirí atá ag gníomhú thar ceann Anne O'Connor don Ard Chúirt go bhfuil litir faighte acu ó Fheidhmeannas na Seirbhíse Sláinte ag tabhairt cuireadh eadrána dí. Tuigtear go raibh Anne O'Connor, an príomhfheidhmeannach a bhris Bord an Fheidhmeannas le cás Ard Chúirte a thabhairt in aghaidh a briseadh, breathnaíonn sé anois go bhfuil an cinneadh sin curtha ar athló, ag braith ar céard a thiocfaidh as cuireadh eadrána an Bhoird.

    See omnystudio.com/listener for privacy information.

    8 min
  • Dara Ó Conchúir : Tráchtaire agus iriseoir Spóit.

    Tá an chuma air go leachtófar Each-spóirt Eireann inniu. Dá gceapfaí leachtaitheoir tá imní léirithe ag an bhfoireann go gcaillfidh chuile dhuine acu a gcuid oibre. Tá siad ag impí ar an aire Talmhaiochta Martin Heydon idirghábhail a dhéanamh sa gcás.

    See omnystudio.com/listener for privacy information.

    8 min
  • Tom Ó Ceallaigh : Tráchtaire ar pholaitíocht na Breataine.

    Inniu i bParlaimint na Breataine tá an rialtas ag foilsiú an Bhille a thabharfaidh feidhm don chaidrimh nua idir an Ríocht Aontaithe agus an tAontas Eorpach. Deir an Príomh Aire nach aon tús atá sa reachtaíocht ar fheachtas rialtais chun ballraíocht iomlán a bhaint amach san Aontas.

    See omnystudio.com/listener for privacy information.

    6 min
  • Seán Martyn ó Choiste Gaeilge Ógra Fhine Gael.

    Tá Ógra Fhine Gael ag iarraidh go méadófaí an líon deontas a íocann an stát le gur féidir le níos mó daltaí dara leibhéal freastal ar Choláistí Gaeilge sa nGaeltacht. Deir Ógra FG gur deis atá ann tacú leis na gasúir agus freisin leis na ceantair Ghaeltachta ina reáchtáiltear na cúrsaí. Tá sé, a deir siad ag teacht leis an Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge 2010–2030 agus polasaí an Stáit i leith na Gaeilge.

    See omnystudio.com/listener for privacy information.

    6 min