
Sign up to save your podcasts
Or


Tá muid sa triú lá den sáinn ina bhfuil Port a’ Dúnáin ag an sárú faoi mhórshiúl an Oird Oráistigh atá ag iarraidh bóthar Gharbh Eachaidh a shiúil. Tá an Dílseoir Jamie Bryson i mbun feachtais ag gríosadh tacaíochta don Ord Oráisteach i nDroim Crí agus é anocht ag eagrú slógadh dílseach i bPort an Dúnáin. An bhfuil baol go gcuirfidh sé lasair sa bharrach?
See omnystudio.com/listener for privacy information.
Deir an rialtas go bhfuil siad ag obair go dícheallach ag iarraidh réitigh ar an sáinn ina bhfuil muintir Phort a’ Dúnáin. Inniu ag an gcruinniú rialtais thug an tAire Comhshaoil Darragh O'Brien eolas faoi scéim nua deontais le cúnamh a thabhairt do dhaoine fáil réidh le fearais tís a bhraitheann ar bhreosla carbóin.
See omnystudio.com/listener for privacy information.
Thug Poitigeirí le fios nach bhfuiltear ag cur vaicsín an fliú ar fáil ach do dhaoine atá os cionn chúig bhliana agus trí scóir, faoi láthair mar gheall ar ghantann vaicsíní. B'eiginn na comh-ábhair sna vaicsíní a athrú i mbliana ar theoir ón Eagraíocht Dhomhanda Sláinte, rud a chuir moill ar tháirgiú na vaicsíní.
See omnystudio.com/listener for privacy information.
Inniu i Stáit Massachusetts, Mheiriceá beidh Lyndsey Clancy ar ais ós comhair cúirte, áit a bhfaighfidh sí amach an gcuirfear ar a triail arís í, nó an dtabharfar cead a cos dí. Ag tús na míosa fógraíodh an cás cúirte a tugadh ina coinne ina mhíthriail, ach ar chínn ar ghiuré breithiúnas a thabhairt ar chiontail na mná as a triúr clainne a mharú.
See omnystudio.com/listener for privacy information.
Marion Ní Shúilleabháin.
See omnystudio.com/listener for privacy information.
From the publisher's feed