
Sign up to save your podcasts
Or


I mBéal Feirste tá an cruinniú idir pobal náisiúnach Gharbh Eachaidh i bPort an Dúnain agus baill den Lóiste Oráisteach áitiúil fós ar bun le Stát Rúnaí an Tuaiscirt Chris Bryant agus Príomh Chonstábla na Seirbhíse Póilíneachta Jon Boutcher.
See omnystudio.com/listener for privacy information.
Inné d’fhreastal ceannaire Aontú Peadar Tóibín ar an agóid a bhí ar Bhóthar Gharbh Eachaidh. Inné freisin d’fhreastal sé ar chruinniú ar an Móta i gCo. na hIarmhí, cruinniú a d’eagraigh lucht agóide atá ag cur in aghaidh an chostas ard breosla.
See omnystudio.com/listener for privacy information.
Dúirt an Taoiseach go bhféadfadh na himeachtaí ag Droim Crí agus ar Bhóthar Gharbhachaidh i bPort an Dúnáin le linn an deireadh seachtaine an dul chun cinn a rinneadh le blianta fada maidir le caidreamh pobail a fheabhsú sa cheantar a chur i mbaol.
See omnystudio.com/listener for privacy information.
Ar phointí an ama seo tá agóid dá reáchtáil taobh amuigh d’oifigí Chomhairle Contae Chill Dara ag dream atá ag cur i gcoinne ionad sonraí atá an comhlacht Microsoft a bheartú a thógáil in aice bhaile Nás na Rí.
See omnystudio.com/listener for privacy information.
An nuacht náisiúnta agus idirnáisiúnta.
See omnystudio.com/listener for privacy information.
Sna Sé Chontae, faoin tráth seo, bhí súil le fógra ó Choimisiún na bParáidí faoi chead a thabhairt don Ord Oráisteach máirseáil i bPort an Dúnáin i gCo. Ard Mhacha, ach go dtí seo níl smid na smeaid cloiste againn faoi aon chinneadh.
See omnystudio.com/listener for privacy information.
Ag labhairt le Comhthionól na Náisiún Aontaithe i Nua Eabhrac aréir, dúirt an Taoiseach, Michéal Martin go mba náire shaolta a raibh ar bun ag Iosrael i nGaza. Léiríonn pobalbhreith de chuid an Irish Times go bhfuil tromlach an phobail ag iarraidh go ndéanfadh an rialtas ullmhúcháin anois d’aon reifreann ar ath-aontú na hÉireann.
See omnystudio.com/listener for privacy information.
From the publisher's feed