Nuacht a hAon

Nuacht a hAon

By RTÉ Raidió na GaeltachtaNews
Download on the App Store

Nuacht a hAon episodes

  • Clodagh Ní Mhaoilchiaráin - Uachtarán Ghaeloideachas.
    Inniu sheol an tAire Oideachais agus Óige, Helen McEntee dhá pholasaí a d’fhéadfadh a bheith cinniúnach i múineadh, i bhfoghlaim agus in úsáid na Gaeilge sna scoileanna taobh amuigh den Ghaeltacht. Ar maidin sheol an tAire an Polasaí don Oideachas Lán-Ghaeilge lasmuigh den Ghaeltacht agus an Plean Gnímh don Ghaeilge i Scoileanna Meán-Bhéarla.

    See omnystudio.com/listener for privacy information.

    7 min
  • Alice Doyle, Leas-Uachtarán Chumann na bhFeirmeoirí.
    Tá an dara ráig den fhliú na n-éan deimhnithe ar fheirm turcaithe i gContae na Mí - an dara ceann i dtréimhse cúpla lá, i ndiaidh cás eile i gCeatharlach. Tá Cumann na bhFeirmeoirí nó an IFA ag impí ar fheirmeoirí a bheith cúramach agus a ndícheall a dhéanamh beartais bíshlándála a chur i bhfeidhm chun an aicíd a choinneáil faoi smacht.

    See omnystudio.com/listener for privacy information.

    9 min
  • Mairéad Farrell TD - Urlabhraí Caiteachais Phoiblí Shinn Féin.
    Tá sé tugtha le fios ag an Aire Títhíochta James Brown go bhfoilseofar an plean tithíochta, atá ar na bacáin le fada, taobh istigh de choicís. Faoin phlean, tá sé molta go mbeadh freagracht ar Uisce Éireann bainistiú a dhéanamh ar ionaid cóireála séarachais a bheadh tógtha ag conraitheoirí príobháideacha.

    See omnystudio.com/listener for privacy information.

    6 min
  • Peadar Ó Scanaill - Tréidlia.
    Tá ordú éigeantach eisithe ag an Roinn Talmhaíochta go gcaithfear éanla na tíre a choinneal taobh istigh, an fhad agus atá an fógra faoi fliú na n-éan i bhfeidhm. Inné, dhearbhaigh an Roinn Talmhaíochta go raibh an fliú deimhnithe i bhfeirm turcaithe i gContae Cheatharlach.

    See omnystudio.com/listener for privacy information.

    9 min
  • Seán Ó Cadhain - Tráchtaire ar Ghnóthaí na Breataine.
    Sa mBreatain tá tuairisc nua foilsithe inniu a leiríonn an-imní faoin méid daoine atá dí-fhostaithe mar gheall ar a sláinte a bheith briste. Molann an tuarascáil go dtabharfaí chuile thacaíocht do dhaoine míchumasach le gur féidir leo fanacht ag saothrú sa láthair oibre.

    See omnystudio.com/listener for privacy information.

    4 min

About Nuacht a hAon

From the publisher's feed

An barr is deireanaí nuachta náisiúnta, idirnáisiúnta agus áitiúil, le plé agus anailís ar scéalta móra an lae.