Tá Coiste Tithíochta an Rialtais ag teacht le chéile inniu chun ceannaire féideartha don Oifig Tithíochta nua a phlé – tá ainm Brendan McDonagh, luaite go poiblí leis an ról le cúpla lá anuas. Inniu, sa Dáil, cháin Urlabhraí Airgeadais Shinn Féin, Piaras Ó Dochartaigh, an tuarastal de €430,000 atá luaite leis an ról.