D'fhreagair oibrithe deonacha do chuid na Samaratánaigh leath chéad glaoch chuile uair an chloig i 2024. Tugtar an méid sin le fios i dtuarascáil nua atá foilsithe ag an gcarthanacht.
Tá Bánú mí-shásta faoin scéal atá tagtha chun solais inniu ag Tuairisc.ie go bhfuil sé ‘beagnach dhá bhliain ó bhí aon chruinniú ag dhá ghrúpa a bunaíodh chun treoirlínte pleanála na Gaeltachta a phlé.’
Ar maidin, ós comhair Choiste Oireachtais na gCuntas Poiblí dúirt David Gunning, príomh fheidhmeannach bhord forbartha ospidéal nua na leanaí nach bhfuil fós ach 60% den obair críochnaithe ag BAM, na conraitheoirí tógála.
An costas ard maireachtála an t-ábhar ba mhó a pléadh le linn ceisteanna na gceannairí sa Dáil ar maidin. Ar ábhar eile d’iarr Páirtí an Lucht Oibre go rithfí rún éigeandála faoi éigeandáil Gaza ós comhair Comhthionól Ginearálta na Náisiúin Aontaithe.
Sna Stáit Aontaithe, tá an t-Uachtarán Donald Trump ag iarraidh ciste $25 billiún dollar a chur go leath taobh le costas sciath cosanta don tír a sheasamh. Tá ainm Elon Musk agus a chomhlacht SpaceX luaite leis an sciath cosanta.
Inniu ag comhdháil bhliantúil Chónaidhm Póilíní Thuaisceart Éireann cuireadh i leith an fheidhmeannais i Stormont go bhfuil neamhaird déanta acu de phlean infheistíochta £200 milliún punt, a chuir Seirbhís Póilíneachta Thuaisceart Éireann ós a gcomhair.