Tá chúig uair a chloig curtha go leath taobh sa Dáil tráthnóna le plé a dhéanamh ar an moill atá sa gcóras sláinte ar sheirbhísí measúnaithe do ghasúir le míchumas. Tá níos mó na 15,000 gasúr fágtha ag fanacht le measúnú ar liosta feitheamh Fheidhmeannas na Seirbhísí Slainte.