Dúirt an Taoiseach, Michéal Martin inniu agus é ag caint ar na táillí trádála, nach bhfuil na cosa tugtha leo ag an tír seo ó tháillí an Uachtaráin Trump agus gur éiginnteacht an rud is mó atá ann faoi láthair.
Dúirt an tSín nach bhfuil cuimhne ar bith acu seasamh siar de bharr an fhógra a rinne an tUachtarán Trump tráthnóna inné, táillí ar earraí a bheas Meiriceá a importáil as an tSín a ardú go dtí 125%.
Tá sé fógraithe ag Uachtarán an Choimisiúin Eorpaigh, Ursula Von Der Leyen go bhfuil an tAontas Eorpach leis na táillí a bhí siad ag dul a ghearradh ar earraí Meiriceánacha a chur ar athló go ceann 90 lá.